Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D’imigh Seán é féin anonn go hAlbain ar 20 Iúil, 1942. Am an chogaidh a bhí ann san am agus bhíodh pasport de dhith le obair thall. Bhíodh gníomhairí (agents) abhus in Éirinn ag cruinniú suas fir le dhul anonn. Ní raibh siad ábalta oibreacha poiblí a dhéanamh agus bhí orthu glacadh le hobair feirmeoireachta uilig. In Stirling a bhí an feirm agus ba £3 sa tseachtain an pá a bhí sé ag fáil. Fuair sé lóistín saor in aisce. Bhí sé ar fhostach an bhliain roimh ré go háitiúil agus ba £10 an pá a fuair sé ar son na sé míosa. Bhí Seán sona sásta ag obair feirme agus d’oibir sé le beithígh agus thiomáin sé an tarracóir fosta. Chuir sé £10 na bhaile uair amháin, airgead mór san am. | 00:06:01 | |
Phill sé na bhaile cúpla bliain agus ansin d’imigh sé anonn go hAlbain arís. Chuaigh sé ag obair ar fheirm eile ansin in Fifeshire agus fuair sé obair ag treabhadh le péire beithíoch. Bhí pa mhaith aige ansin, £6 sa tseachtain. | 00:02:14 | |
D’oibir a athair mór ar an chanáil in Panama agus chaith sé na blianta ag obair in Meiriceá. | 00:00:56 | |